Skip to main content

Nuacht

Ealaíontóir Cónaithe le Gaeilge Earrach 2024

6 Meith 2024

An scríbhneoir Thaddeus Ó Buachalla 

Ba mhór againn gur chaith an scríbhneoir Thaddeus Ó Buachalla seal inár measc an seimeastar seo mar Ealaíontóir Cónaithe le Gaeilge, a bhuí le tacaíocht Choláiste Dhámh na nDán. D’éirigh leis dul i bhfeidhm ar go leor mac léinn trí chuairt a thabhairt ar lucht na bunchéime agus lucht an MA sa Nua-Ghaeilge. Thug sé ceardlanna do mhuintir na Cuallachta agus ba bhreá an léacht a thug sé do Scoil Léann na Gaeilge agus don bpobal. Ghlac sé páirt in ócáid san Aula Maxima mar a raibh na healaíontóir cónaithe ó na Ranna éagsúla agus b’iontach go raibh an Ghaeilge le clos don gcéad uair ag an ócáid sin. Guímid gach rath air agus é i mbun úrscéil nua.

Roinn na Nua-Ghaeilge

Department of Modern Irish

Áras Uí Rathaille, UCC

Barr