Skip to main content

Nuacht

Domhnall Ó Corcora: The Hidden Ireland – Céad Bliain ina dhiaidh

20 Aib 2024

Comhdháil ag comóradh céad bliain de The Hidden Ireland le Domhnall Ó Corcora (1924-2024). Curtha ar siúl in Óstán an Imperial, Cathair Chorcaí, 20ú Aibreán 2024.

D’fhág The Hidden Ireland, a foilsíodh don chéad uair i 1924, a rian ar ghlúin staraithe agus scoláirí Gaeilge araon. I dtréimhse chinniúnach mhúnlaitheach ach a raibh an Stát ag teacht chun cinn, mhúscail tuairimí Dhomhnaill Uí Chorcora i leith stair mhuintir na hÉireann, agus an deighilt idir an ‘Tigh Mór’ agus an ‘Bothán’, díospóireacht ar cad is dual i ndáiríribh don traidisiún Gaelach – díospóireacht go bhfuil spré dhearg inti inniu fós. Anois, sa bhliain 2024, ní ham dúinn scíth a ghlacadh agus athmhachnamh a dhéanamh. Tá sé in am an dioscúrsa ar ár bhféiniúlacht náisiúnta a mhúscailt in athuair; seasamh na Gaeilge sa lá ata inniu ann a scrúdú; agus an plé ar a bhfuil romhainn agus ar a bhfuil fágtha ár ndiaidh againn a scaoileadh sa tsiúl arís.

Freagra oileáin comhroinnte, óna glúinte atá suas anois, ar chomhthéacs agus ar thionchar leanúnach The Hidden Ireland is ea an chomhdháil seo atá eagraithe ag Roinn na Nua-Ghaeilge, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh agus Scoil na nEalaíon agus na nDaonnachtaí, Ollscoil Uladh.

Roinn na Nua-Ghaeilge

Department of Modern Irish

Áras Uí Rathaille, UCC

Barr