Fáilte go Scoil Léann na Gaeilge
Trí Roinn atá i Scoil Léann na Gaeilge: Roinn na Nua-Ghaeilge, Roinn na Sean- agus na Meán-Ghaeilge, agus Roinn an Bhéaloidis. Léiriú ar a thabhachtaí is atá teanga agus litríocht na Gaeilge, agus Léann na Gaeilge féin, san Ollscoil agus sa tír trí chéile, is ea an cumar seo na dtrí Roinn. Tá gach aon Roinn acu chun tosaigh ina saindisciplín féin ó thaobh taighde, teagaisc, agus scoláiriúlachta de, agus cuireann siad bonn torthúil faoi phobal Scoil Léann na Gaeilge, pobal a bhfuil teist idirnáisiúnta air.
The School of Irish Learning consists of three Departments: the Department of Modern Irish, the Department of Early and Medieval Irish, and the Department of Irish Folklore and Ethnography. This combination of academic departments is reflective of the importance of Irish Studies and of Irish language and literature within UCC and in Irish life in general. Each Department is at the forefront of third-level research, teaching and scholarship in its particular discipline, and each contributes to the cross-disciplinary community of the School of Irish Learning, which enjoys an international reputation. You can find out more about the Departments of Early and Medieval Irish, Folklore and Ethnology, and Modern Irish by visiting their respective departmental websites.
Na Ranna Acadúla
Imeachtaí | Upcoming Events
12.02.2026 : Richie Piggott - Irish traditional music in Chicago: the Donegal connections
Roinn an Bhéaloidis/the Department of Folklore and Ethnology is delighted to welcome back music collector and historian, Richie Piggott, author of Cry of a People Gone (2022), for an illustrated talk, titled ‘Irish traditional music in Chicago: the Donegal connections’. Please join us in the CACSSS Seminar Room, ORB G_27, on Thursday, 12 February, 4-5pm for what promises to be a fascinating lecture.
26.02.2026 : Seimineár Scoil Léann na Gaeilge, Sraith an Earraigh, 2026
Beidh an tarna léacht i Sraith an Earraigh, Scoil Léann na Gaeilge, ar siúl Déardaoin, 26 Feabhra, ar a 5 i.n i WW9. Labhróidh Yushuai Guo, mac léinn PhD de chuid Roinn na Sean- agus na Méan-Ghaeilge, ar an téama ‘Weak or Strong, Right or Wrong? Anger and Its Cultural Codings among Women, Warriors, and Saints in Medieval Ireland’.
The second seminar in the School of Irish Learning Spring Seminar Series 2026 will take place on Thursday, 26 February, at 5.00 pm in West Wing 9 when Yushuai Guo, a PhD student in the Department of Early and Medieval Irish, will speak on the topic ‘Weak or Strong, Right or Wrong? Anger and Its Cultural Codings among Women, Warriors, and Saints in Medieval Ireland’.
26.02.2026 : Litríocht na Gaeilge i gCéin is i gCóngar - Sraith Imeachtaí Liteartha
Éire agus an Airgintín
Déardaoin 26 Feabhra, 18.30-20.00
Léifidh an file Áine Uí Fhoghlú óna leabhar nua Scéala ó Charolina (Éabhlóid). Beidh an t-aistritheoir Aigintíneach, Jorge Fondebrider, ina teannta agus cuid d’aistritheoirí an Bhéarla chomh maith. Ócáid cheiliúrtha thrí-theangacha bheidh ann i Seomra Coiteann na Foirne i gCearnóg na hOllscoile
Ireland and Argentina
Thursday 26 February, 18.30-20.00
Poet Áine Uí Fhoghlú will read from her new book, Scéala ó Charolina (Éabhlóid). Joining her will be the Argentinian translator, Jorge Fondebrider, as well as some English translators of her poems. This celebratory tri-lingual event will be held in the Staff Common Room at UCC.
04.03.2026 : Litríocht na Gaeilge i gCéin is i gCóngar - Sraith Imeachtaí Liteartha
Éire agus Albain
Dé Céadaoin 4 Márta, 17.00-18.00
Beidh Pádraig MacAoidh/Peter Mackay, File Náisiúnta (Makar) na hAlban agus Ollamh le Litríocht i Ollscoil Naomh Aindriú, ag léamh óna shaothar (Gàidhlig na hAlban agus Béarla)
i Seomra Seimineáir CACSSS in Áras Uí Rathaille.
Ireland and Scotland
Wednesday 4 March, 17.00-18.00
The National Poet (Makar) of Scotland, Professor Peter Mackay, will give a bilingual reading from his work in Scottish Gaelic and English. This event will take place in the CACSSS Seminar Room in the O’Rahilly Building.
School of Irish Learning
Scoil Léann na Gaeilge
Contact us
Bloc A, Urlár na Talún, Áras Uí Rathaille / Block A, Ground Floor, O'Rahilly Building, UCC, Cork,