Nuacht 2018
Seimeastar Gaeltachta 2018-19
12 MFómh 2018
![](/en/media/academic/modernirish/general-images/2018-09-12-Gaeltacht-students.jpg)
Mic léinn ón dara bliain (Gaeilge agus Stair) i mbun an chéad sheimeastar a chaitheamh i nGaeltacht Chorca Dhuibhne.
Seo é an chéad uair a beartaíodh ar a leithéid, agus an fhoghlaim sholúbtha i gcroílár na hoibre. Socru comhpháirtíochta is ea é seo idir Roinn na Nua-Ghaeilge, An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, agus Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne.