Skip to main content

Nuacht 2018

Mic léinn GA3008 agus Darach Ó Scolaí, 2018

6 Samh 2018
Mic léinn GA3008 agus Darach Ó Scolaí

Thug an t-úrscéalaí, drámadóir agus foilsitheoir Darach Ó Scolaí cuairt ar Choláiste na hOllscoile, Corcaigh le déanaí. 

Labhair sé le mic léinn GA3008 faoin úrscéal comhaimseartha, cúrsa a mhúineann an Dr Eimear Ní Chinnéide. Ina dhiaidh sin, bhí seimineár neamhfhoirmeálta aige le mic léinn an MA sa Nua-Ghaeilge sa Seomra Caidrimh ina raibh deis acu go leor ceisteanna a chur air faoina shaothar, faoi chúrsaí ficsin as Gaeilge agus faoin bhfoilsitheoireacht. Tugadh cuireadh dó mar chuid den modúl sa Scríbhneoireacht Chruthaitheach a stiúrann an Dr Ailbhe Ní Ghearbhuigh. Bhí an Dr Isobel Ní Riain páirteach sa phlé chomh maith; múineann sí cúrsa ar fhilíocht Nuala Ní Dhomhnaill agus Biddy Jenkinson mar chuid den MA sa Nua-Ghaeilge.

Roinn na Nua-Ghaeilge

Department of Modern Irish

Áras Uí Rathaille, UCC

Barr