Skip to main content

Nuacht 2015

NUI Mansion House Fund Scholarship for Irish 2015

Congratulations to Máiréad Carey on being awarded the NUI Mansion House Fund Scholarship for Irish, 2015. Image (L-R): President Michael Murphy, Máiréad Carey, and Prof. Pádraig Ó Macháin.

2015 NUI Mansion House Scholarship Mairead Carey

Seimineár ar Fhilíocht na Scol

Tá an seimineár iarchéime fé stiúir ag an Ollamh Ó Macháin ar eagarthóireacht na filíochta ar siúl arís i mbliana sa seomra seimineáir, 3 p.m. gach Máirt.

Leabhar Nua

Cúis cheiliúrtha agus chomhgháirdeachais is ea foilsiú an tsaothair is déanaí ó pheann an Dr Aidan Doyle, A history of the Irish language from the Norman invasion to independence (Oxford University Press 2015).

Comhdháil na Longánach (27-28 Lúnasa 2015)

D’éirigh thar barr le Comhdháil na Longánach mí Lúnasa. Bhí freastal iontach ann ón bpobal áitiúil agus ó shaol an léinn. Fearadh fáilte fé leith roimh dhream de shliocht na Longánach féin agus roimh muintir John Windele. Éagsúlacht abhair a bhí sna páipéirí a léadh, agus bhí moladh mór ag gach aoinne ar an léiriú a deineadh ar shaol na n-ardscríobhaithe seo agus ar an aimsir inar mhaireadar.

Scoláireacht IRC 2015

Tá Scoláireacht Iarchéime de chuid na Comhairle um Thaighde in Éirinn bainte ag Andrea Palandri, duine dár n-iarchéimithe dochtúireachta: comhgháirdeachas ó chroí leis.

Scoláireacht Liteartha an Dr H. H. Stewart

Tá Ollscoil na hÉireann tar éis Scoláireacht Liteartha an Dr Henry Hutchinson Stewart a bhronnadh ar mhac léinn dara bliana, Aisling Ní Dhonnabháin, bunaithe ar a cuid oibre i scrúduithe na céidbhliana. Tréaslaímíd an t-ardghradam seo le hAisling agus lena cuid léachtóirí, a mbíonn sárobair á déanamh i gcónaí acu.

Cnuasach Shéamuis Uí Mhaolchathaigh

An tOll. Pádraig Ó Macháin agus an tAth. James Mulcahy (mac le Séamus Ó Maolchathaigh, údar An gleann agus a raibh ann) nuair a bronnadh leabhair agus cáipéisí a athar ar an gColáiste Ollscoile le déanaí.

Fr James Mulcahy and Prof Pádraig Ó Macháin on the occasion of the donation to UCC of his father’s books and papers/ An tOll. Pádraig Ó Macháin agus an tAth. James Mulcahy (mac le Séamus Ó Maolchathaigh, údar An gleann agus a raibh ann) nuair a bronnadh leabhair agus cáipéisí a athar ar an gColáiste Ollscoile le déanaí

Bronnadh na céime MA le déanaí

Bronnadh na céime MA le déanaí: Seán Ua Súilleabháin, Jimmy Crowley agus Pádraig Ó Macháin:

At the recent MA conferring: Seán Ua Súilleabháin, Jimmy Crowley and Pádraig Ó Macháin; Bronnadh na céime MA le déanaí: Seán Ua Súilleabháin, Jimmy Crowley agus Pádraig Ó Macháin.

An dara bliain sna Déise, Feabhra 2015

The Second Years in the Deise February 2015

An dara bliain sna Déise, Feabhra 2015.

Cáipéisí Dlí sa Ghaeilge 2015

Cuirfidh an tOllamh Pádraig Ó Macháin tús le seimineár na bliana so, Dé hAoine an 23ú lá, 3 p.m., ORB G.20.

Roinn na Nua-Ghaeilge

Department of Modern Irish

Áras Uí Rathaille, UCC

Barr