Skip to main content

Lá na Scoileanna Gaeilge

Gach bliain, tugann an tOllamh Pádraig Ó Macháin, Stiúrthóir Ionad na Gaeilge Labhartha cuireadh do Ghaelscoileanna agus do bhunscoileanna Gaeltachta Chorcaí teacht chun na hollscoile chun an obair thábhachtach atá ar siúl ag na scoileanna san ar son na Gaeilge a cheiliúradh. 

Eagraíonn Nuala de Búrca, teagascóir san Ionad, turas timpeall an champais agus imeacht oifigiúil san Aula Maxima ina dhiaidh. Bíonn óráidí, ceol is ceiliúradh i gceist. Ba bhreá le hIonad na Gaeilge Labhartha an nasc speisialta seo atá cruthaithe acu le Gaelscoileanna is bunscoileanna Gaeltachta Chorcaí a neartú as seo amach.

Lá na Scoileanna Gaeilge 2024

Bhí Lá na Scoileanna Gaeilge ar siúl san Aula Maxima i gColáiste na hOllscoile Corcaigh ar an nDéardaoin, 23 Bealtaine 2024. Chuir Uachtarán na hOllscoile, an tOllamh John O’ Halloran fáilte roimh mhúinteoirí agus daltaí ó na scoileanna seo a leanas:

  • Gaelscoil an Chaisleáin, Baile an Chollaigh
  • Gaelscoil Charraig Uí Leighin
  • Gaelscoil na Dúglaise
  • Gaelscoil Mhainistir na Corann
  • Gaelscoil Pheig Sayers, Fearann Phiarais
  • Gaelscoil Uí Riada, Wilton
  • Gaelscoil Uí Ríordáin, Baile an Chollaigh
  • Scoil Chúil Aodha Barr d'Inse

Bhí ardlá ag gach aoinne a bhí i láthair.

Sonraí Teagmhála

Nuala de Búrca
Eagraí Lá na Scoileanna Gaeilge
R: n.deburca@ucc.ie 

Ionad na Gaeilge Labhartha

Centre for Spoken Irish

Seomra G02, Áras Uí Rathaille, Bóthar an Choláiste, Corcaigh

Barr