Scéim na dTeaghlach
I rith an tsamhraidh cuirtear Dún Chíomháin ar fáil mar ionad inar féidir le baill foirne agus lena dteaghlaigh a gcuid Gaeilge a chleachtadh agus caidreamh a dhéanamh le pobal a labhrann an Ghaeilge mar ghnáth-theanga.
Isteach is amach le fiche teaghlach a bhíonn páirteach de ghnáth agus cuirtear ar siúl é ó thosach Meithimh go deireadh Lúnasa. Caitheann siad seachtain amháin de ghnáth sa Dún. Le cabhair chuntóra teanga, glacann siad páirt i saol na Gaeltachta i slí thairfeach thaitneamhach.
Tá fáilte romhat ríomhphost a sheoladh chuig g.labh@ucc.ie chun breis eolais a lorg nó má tá foirm iarratais uait.
Scéim na Scol
Is ann don Scéim chun tacaíocht an choláiste le meánscoileanna lánGhaeilge a chur in iúl, chun saol COC idir acadúil, ghaelach agus shóisialta a phlé le ranganna sinsearacha na scol san agus chun daltaí a mhealladh go dtí COC.
Ós amhlaidh go mbíonn beirt mhac léinn agus ball foirne amháin ó dhámha éagsúla ar na painéil, roinntear eolas fairsing ilghnéitheach ar na daltaí a ghlacann páirt.
Tionóltar cruinniú ginearálta le haghaidh rannpháirtithe na scéime i mí an Mhárta chun cuspóirí, téarmaí tagartha agus feabhsúcháin a phlé agus a bheachtú.