Skip to main content

An tAonad Aistriúcháin agus Ateangaireachta

Cuireann Ionad na Gaeilge Labhartha seirbhís ghairmiúil aistriúcháin, Béarla − Gaeilge agus Gaeilge − Béarla, ar fáil d’eagraíochtaí nó do dhaoine aonair.

Is institiúid léinn agus taighde é Coláiste na hOllscoile Corcaigh, rud a chuireann ar chumas Ionad na Gaeilge Labhartha aistriúchán a dhéanamh ar réimse leathan téacsanna ós rud é go bhfuil teacht ag aistritheoirí ar shaineolas ar mhórán ábhar éagsúil.

Is féidir talamh slán a dhéanamh d’ardchaighdeán an aistriúcháin; ó thaobh chruinneas aistriúcháin agus gramadaí de, agus ó thaobh shaibhreas na Gaeilge de. Feidhmíonn Coiste Aistriúcháin, faoi choimirce Bhord na Gaeilge, chun an t−ardchaighdeán seo a dheimhniú.

Déantar aistriúchán ar réimse leathan téacsanna:- tuarascálacha, scéimeanna, CVanna, comharthaí, fógraí, manaí, teidil, ainmneacha tithe/institiúide, tráchtais.

Comhoibríonn aistritheoirí go dlúth le húdair na mbunleagan chun tuiscint a fháil ar bhrí chruinn an tsaothair agus ar an gcomhthéacs. Déanfar socruithe cinnte maidir le coinníollacha ama, teanga (m.sh. canúint/caighdeán oifigiúil) agus costais sara nglacfar le hobair ar bith.

Glacann aistritheoirí leis gur obair faoi rún a bhíonn i gceist i ngach cás, rud a chinntíonn príomháideachas agus slándáil.

Trealamh Ateangaireachta

Tá dhá chóras ateangaireachta ag an Aonad Aistriúcháin agus Ateangaireachta. I gcás an dá chóras, ní mór fógra coicíse a thabhairt má táthar á lorg.

Tuilleadh Eolais

Sonraí Teagmhála

Brian Ó Donnchadha
Aistritheoir
T: + 353 (0)21 490 3105
R: brianod@ucc.ie

Ionad na Gaeilge Labhartha

Centre for Spoken Irish

Seomra ORB G02, Áras Uí Rathaille, Bóthar an Choláiste, Corcaigh

Barr