Skip to main content

Nuacht

Barr na gCnoc: Scéim Chónaitheach sa Ghaeltacht, Bealtaine 2024

31 Beal 2024

Thug 42 dhaltaí tamall ina gcónaí i nGaeltachtaí Chiarraí agus na nDéise I mí na Bealtaine.

I gcaitheamh mhí na Bealtaine ghlac daltaí ó Ghaelcholáiste Mhic Shuibhne, Cnoc na hAoine, Corcaigh, páirt sa Scéim Chónaitheach de chuid Bharr na gCnoc i nGaeltacht Chorca Dhuibhne agus i nGaeltacht na nDéise. I nDún Chíomháin (Baile an Fheirtéaraigh) agus i gColáiste na Rinne (Rinn Ó gCuanach) faoi seach a chuireadar fúthu. Chuir an scéim seo deiseanna ar fáil dóibh an teanga a labhairt go leanúnach agus páirt a ghlacadh i bpobal Gaeltachta.

Dhá dhíorma dhaltaí a chuaigh siar go Dún Chíomháin: trí dhuine dhéag ón gcúigiú bliain, agus seacht nduine dhéag ón gcéad agus ón dara bliain. Grúpa amháin de dháiréag a chuaigh soir go Coláiste na Rinne. Ghlac na daltaí páirt i ranganna teangan agus in imeachtaí sóisialta, agus chuireadar aithne ar an bpobal áitiúil.

San aiseolas a thug na daltaí uathu i ndiaidh freastal na Scéime seo dóibh, dúradar gur chuir an Ghaeilge a bheith ina teanga laethúil phobail ionadh orthu, agus ainneoin na ndúshlán praiticiúla a bhain leis sin, gur chuir sé go mór lena meas ar an nGaeilge. Dúirt cuid acu gur threisigh ar a gcairdeas le chéile agus gur bhraitheadar gur cuireadh lena bhféinaitheantas mar dhaltaí de chuid Ghaelcholáiste Mhic Shuibhne. Mheas a lán acu gur mhéadaigh ar a gcuid suime i stair agus i ndúchas na nGael de bharr an tamaill a bhí caite sa Ghaeltacht acu.

 loved it, I would love to go again. It was such a good experience, I would recommend it to anyone who gets the opportunity- Student, Gaelcholáiste Mhic Shuibhne.

The Gaeltacht Residency Programme improved the student’s spoken language skills as it gave them learning targets. Their listening skills were enhanced as they connected with people in the Gaeltacht – they realised that there are different dialects in the Irish language. Their social skills also improved throughout the course of the programme- Teacher, Gaelcholáiste Mhic Shuibhne.

Ionad na Gaeilge Labhartha

Centre for Spoken Irish

Seomra G02, Áras Uí Rathaille, Bóthar an Choláiste, Corcaigh

Barr