Skip to main content

Barr na gCnoc: Tionscnamh um phobalscoileanna faoi chúnamh Ollscoile.

Cumasc idir dualgas COC i leith na páirtíochta pobail agus an dualgas um thaighde agus teagasc is ea Barr na gCnoc. Cuireann an tionscnamh seo acmhainní acadúla, daonna agus praiticiúla sa Ghaeilge ar fáil ar mhaithe leis an bpobal. Sa bhliain 2017 chuaigh COC i bpáirt le Coláiste Pobail Thraolaigh Mhic Shuibhne i gCnoc an Chuilinn, Cnoc na hAoine, chun tacaíocht a thabhairt dóibh i mbunú Aonaid Lán-Ghaeilge sa scoil, mar a ndéanfaí gach ábhar a theagasc tré Ghaeilge, ón gcéad bhliain ar aghaidh go dtí an Ard-Teistiméireacht. Freagra ar éileamh ón bpobal féin ab ea é seo, go gcuirfí rogha sa mheánoideachas ar fáil dá bpáistí i gceantar ina mbraitheann go leor daoine go bhfuil siad fágtha i leataoibh ag an saol. Tugadh cuireadh do COC páirt a ghlacadh sa togra seo, agus ba dá thoradh sin a bunaíodh Barr na gCnoc faoi cheannas an Ollaimh Phádraig Ó Macháin, Stiúrthóir Ionad na Gaeilge Labhartha. Osclaíodh an t-aonad (Gaelcholáiste Mhic Shuibhne) i 2019, agus tá tacaíocht COC ag leanúint ar aghaidh ó shin. Bhí tionscnamh Barr na gCnoc de chuid, ar na cúig buaiteoirí faoin Mhaoiniú Feidhmiúil de chuid an Údaráis um Ard-Oideachas 2023. 

Cur Chuige an Tionscnaimh

Agus an tionscnamh seo ag dul chun cinn, tharraing Barr na gCnoc ar thaighde idirnáisiúnta ó Ollscoil Phennsylvania (Netter Center for Community Partnerships) chun múnla a chruthú don bhfeabhsú oideachais a bhí bunaithe ar theoiric agus ar phraitic. B’é bun agus barr an taighde sin ná go dtairbhíonn daltaí scoile go mór de theacht a bheith acu ar fhoghlaim oiriúnach teanga, de roghanna éagsúla oideachasúla, d’acmhainní uileghabhálacha pobail, agus de dheiseanna cothroma a bheith ar fáil dóibh. Na mórghnéithe don dtacaíocht atá ar fáil:

 

Tionchar

Tá an togra seo bunaithe go hiomlán ar chaidreamh leis an bpobal ónar tháinig an t-éileamh seo chéad uair. Baineann sé leas as bun-shonraíocht náisiúnta um scoileanna DEIS maidir le míbhuntáiste oideachais. Tá comhpháirtíocht torthúil cruthaithe ag Barr na gCnoc a théann chun tairbhe an dá pháirtí. Tá feabhas á chur ar chaighdeán na beatha agus na foghlama sa scoil agus sa phobal, agus an pobal féin á chumasú anuas air sin. Tá tiomantas COC i leith an chaidrimh phobail curtha chun cinn chomh maith. Ar thionchair an togra go dtí seo tá:

Gradam Nuálaithe Digiteach Virgin Media

Bronnadh Gradam Nuálaithe Digiteacha de chuid Virgin Media ar ghrúpa daltaí ó Ghaelcholáiste Mhic Shuibhne agus Choláiste Pobail Thraolaigh Mhic Shuibhne mar aitheantas ar thionscnamh dá gcuid dár teideal ‘Class Connections’. Dhein na daltaí fréamhshamhail d’aip a a dhearadh agus a fhorbairt chun teagmháil a choimeád le daltaí nach raibh ar a gcumas freastal ar an scoil ach go hannamh. Trí naisc le cairde, múinteoirí agus foireann na scoile a éascú, tá sé mar aidhm ag an aip maolú a dhéanamh ar na mothúcháin aonraithe agus imní a bhaineann le filleadh ar an scoil tar éis do dhuine bheith tamall as láthair.

Ionad na Gaeilge Labhartha

Centre for Spoken Irish

Seomra G02, Áras Uí Rathaille, Bóthar an Choláiste, Corcaigh

Barr