An Seomra Caidrimh
Tá an Seomra Caidrimh ina chuid bhunúsach d'imstruchtúr Gaeilge na hOllscoile. Baineann na cumainn Ghaeilge sa choláiste agus mic léinn oíche úsáid as go tráthrialta. Tá sé ina sheomra coiteann don bhfoireann le Gaeilge chomh maith. Cuireann sé ar chumas a lán daoine, teagmháil a dhéanamh le saol na Gaeilge san Ollscoil i rith na bliana.
Is féidir ríomhphost a sheoladh chuig g.labh@ucc.ie má tá fonn ort úsáid a bhaint as an Seomra Caidirmh d'imeacht nó d'ócáid atá á eagrú agat.
Imeachtaí Poiblí
Socraíonn Ionad na Gaeilge Labhartha gach sórt imeacht Gaeilge agus iad dírithe ar phobal na hollscoile féin, ar mhuintir na cathrach agus ar phobal an chontae máguaird. Bíonn cainteanna agus léachtaí poiblí, oícheanta siamsaíochta, ceoil agus drámaíochta sa Seomra Caidrimh, sa seomra ranga ORB G01 agus in áiteanna eile chomh maith. Baineann na cumainn Ghaeilge úsáid as áiseanna an Ionaid go tráthrialta chun a gcuid imeachtaí a eagrú.