Skip to main content

Cúrsa Oíche sa Ghaeilge Labhartha do Thosnaitheoirí

Achoimre ar an gCúrsa

Cúrsa 20 seachtain is ea é seo. Freastalaíonn an cúrsa seo ar thosnaitheoirí gan aon taithí ar an nGaeilge labhartha. 

Tá an cúrsa seo an-taitneamhach. Is ionann é agus ócáid shóisialta, geall leis.

Táille

€250 (€200 ráta ar leith).

Sonraí an Chúrsa - Fómhar 2024

Leibhéal 1

Is gá freastal ó 7pm go 9pm gach Luan. Cuirfear tús leis na ranganna seo ar an Luan, 23 Meán Fómhair 2024.

Beidh an cúrsa seo ag brath ar dhóthain éilimh a bheith air.

Leibhéal 2

Beidh rang ar fáil do na daoine a dhein Leibhéal 1 linn anuraidh, oíche Dé Máirt ó 7pm go 9pm. Cuirfear tús leis na ranganna seo ar an Máirt, 24 Meán Fómhair 2024.

 

 

Cláraigh

Baill Nua (Leibhéal 1)

Is féidir le baill nua clárú i Seomra ORB G01, Áras Uí Rathaille, Dé Luain, 2 Meán Fómhair 2024 nó Dé Máirt, 3 Meán Fómhair 2024, 7pm - 9pm. Táimid chun filleadh go huile is go hiomlán ar an gclárú i bpearsan i mbliana.

Iar-Bhaill (Leibhéal 2)

Léigh go cúramach na treoracha atá ar fáil ar an bhfoirm iarratais thíos.

Sonraí Teagmhála

Isobel Ní Riain
Riarthóir an Chúrsa
R: i.niriain@ucc.ie

Ionad na Gaeilge Labhartha

Centre for Spoken Irish

Seomra G02, Áras Uí Rathaille, Bóthar an Choláiste, Corcaigh

Barr