GA1120: Introduction to Modern Irish
![](/en/media/academic/ionadnagaeilgelabhartha/cursai/cursaidomhicleinn2022-2023/ga1120x2f12022-2023/ga1120barranleathanaigh-1.jpg)
Achoimre ar an gCúrsa
Réamhchúrsa Gaeilge is ea é seo. Is ar mhic léinn nach bhfuil aon chleachtadh ná taithí acu cheana a fhreastalaíonn sé agus is ar an dteanga labhartha a leagtar an bhéim.
Cúrsa 10 seachtaine atá ann ina ndeintear trí huaire an chloig teagaisc in aghaidh na seachtaine chomh maith le pé obair bhaile a thugtar.
Sonraí an Chúrsa - Earrach 2024
Tosnóidh an cúrsa seo ar an Luan, 22 Eanáir 2024.
Seolfar ríomhphost chugat le sonraí an ranga a bheidh agat sula gcuirtear tús leis an gcúrsa.
Táille
Tá an cúrsa seo saor in aisce. (€50 dóibh siúd nach bhfuil creidiúintí á lorg acu. Baileofar an t-airgead seo sa chéad rang).
Sonraí Teagmhála
Isobel Ní Riain
Riarthóir an Chúrsa
R: i.niriain@ucc.ie