Skip to main content

Cúrsa Comhrá do Mhic Léinn le Spéis sa Bhunmhúinteoireacht

Achoimre ar an gCúrsa

Brúigh anseo led' thoil má tá eolas uait maidir leis an gcúrsa do mhic léinn a bheidh ag tabhairt faoin scrúdú Gaeilge don MGO (Bunmhúinteoireacht) i 2023.

Beidh an cúrsa idirghníomhach seo dírithe ar na nithe seo a leanas: 

  • Comhrá líofa, soiléir a dhéanamh as Gaeilge.
  • Eolas ar shaol na Gaeilge a chur ar fáil do na scoláirí.
  • Eolas a chur ar fáil maidir leis na scrúduithe cainte Gaeilge a bhíonn ann don bhunmhúinteoireacht.

Tá an cúrsa seo dírithe ar mhic léinn le spéis faoi leith acu sa bhunmhúinteoireacht mar ghairm bheatha.   Beidh caighdeán maith Gaeilge ag an mac léinn (H4 san ardteist nó a chomhionann).  Níl an cúrsa seo oiriúnach do mhic léinn atá ag déanamh na Gaeilge mar ábhar acadúil.  Molaimid an Cúrsa Gaeilge do mhic léinn nach gcomhlíonann na critéir seo. 

Táille

€30.

Sonraí Teagmhála

Karol Coleman
Riarthóir an Chúrsa
k.coleman@ucc.ie

Ionad na Gaeilge Labhartha

Centre for Spoken Irish

Seomra ORB G02, Áras Uí Rathaille, Bóthar an Choláiste, Corcaigh

Barr