Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar

Réamhrá

‌I rith an t‌samhraidh cuirtear Dún Chíomháin ar fáil mar ionad inar féidir le baill foirne agus lena dteaghlaigh a gcuid Gaeilge a chleachtadh agus caidreamh a dhéanamh le pobal a labhrann an Ghaeilge mar ghnáth-theanga.

Isteach is amach le fiche teaghlach a bhíonn páirteach de ghnáth agus cuirtear ar siúl é ó thosach Meithimh go deireadh Lúnasa. Caitheann siad seachtain amháin de ghnáth sa Dún. Le cabhair chuntóra teanga, glacann siad páirt i saol na Gaeltachta i slí thairfeach thaitneamhach.

Tá fáilte romhat ríomhphost a sheoladh chuig g.labh@ucc.ie chun breis eolais a lorg nó má tá foirm iarratais uait.

Ionad na Gaeilge Labhartha

Centre for Spoken Irish

Déan teagmháil linn

Seomra ORB G02, Áras Uí Rathaille, Bóthar an Choláiste, Corcaigh

Déan ceangail linn

Barr