Skip to main content

Físeáin

Scannán Ros Lachan le Luke Ring

Soláthraíonn teagasc atá faoi stiúir an taighde eispéiris foghlama atá ábhartha agus domhain do mhic léinn. Ag an am céanna, spreagann sé baill foirne trí dhíograis agus smaointe nua a thabhairt dóibh agus trí cheisteanna nua a chur orthu.

Tá Luke Ring ina mhac léinn onóracha sa cheathrú bliain i Scoil na nEolaíochtaí Bitheacha, na nDomhaneolaíochtaí agus na nEolaíochtaí Comhshaoil ag UCC. Chuaigh sé isteach sa ghrúpa taighde ros lachan, agus é ag déanamh staidéar ar an gceist maidir lena mhéid a sheasfaidh ros lachan uisce salanda. Is ceist thábhachtach é sin, toisc go bhfuil leibhéil mhéadaithe salandachta ann ina lán sruthanna fuíll ina bhféadfaí ros lachan a fhás. Mar chuid dá thionscadal, agus chun béim a leagan ar a thábhachtaí atá uisce glan, rinne Luke an físeán spreagúil seo.

Brainwaves Project, Aberystwyth University

Tionscadal Brainwaves, Ollscoil Aberystwyth

Míníonn eolaithe ag Ollscoil Aberystwyth sa Bhreatain Bheag conas a bhíonn siad ag tabhairt aghaidh ar an dúshlán a bhaineann le córais táirgthe bia inbhuanaithe a sholáthar san 21ú haois trí phrionsabail an gheilleagair chiorclaigh a leanúint – is iad sin, táirgí fuíll a úsáid chun críocha eile agus breisluach a ghiniúint. Glantar sciodar feirme agus táirgtear acmhainn nua i riocht bithmhaise ardphróitéine, agus an méid sin ar fad á dhéanamh le cúnamh ón ros lachan dúchasach.

Lá Domhanda an Uisce 2022, á Cheiliúradh

Táthar ag cur Lá Domhanda an Uisce ar siúl gach bliain an 22 Márta ón mbliain 1993 i leith. Ceiliúrtar uisce leis agus tá sé mar aidhm leis feasacht a mhéadú ar na daoine a bhíonn ag maireachtáil gan rochtain a bheith acu ar uisce sábháilte.

Maidir leis an smaoineamh ar lá uisce a cheiliúradh ar fud an domhain, pléadh é den chéad uair le linn Chomhdháil na Náisiún Aontaithe ar an gComhshaol agus an Fhorbairt, rud a cuireadh ar siúl i Rio de Janeiro sa bhliain 1992. Ghlac Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe rún ansin lenar dearbhaíodh gurbh é an 22 Márta Lá Domhanda an Uisce.

Is é an príomhrud a ndíríonn Lá Domhanda an Uisce air ná tacú le Sprioc 6 de Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a bhaint amach. Tá sé mar aidhm léi a chinntiú go mbeidh fáil ag gach duine ar uisce sábháilte agus ar shláintíocht faoin mbliain 2030.

Gach bliain, leagtar béim ar ghné ar leith den fhionnuisce le Lá Domhanda an Uisce. Is é ‘Screamhuisce – ní infheicthe a dhéanamh de ní dofheicthe’ an téama don bhliain 2022.

Tá Lá na hEorpa 2021 á cheiliúradh ag Brainwaves

Comóirtear Lá na hEorpa i mbliana an 9 Bealtaine 2021, ar a gceiliúrtar 71 bliain ó ‘Dhearbhú Schuman’, a bhí ar thús an aistir i dtreo comhar polaitíochta nua san Eoraip. Le linn óráide a thug sé sa bhliain 1950, leag Robert Schuman, aire gnóthaí eachtracha na Fraince, an togra uaidh amach le haghaidh comhrialú a dhéanamh ar tháirgeadh guail agus cruaiche, atá ar na hábhair is tábhachtaí do thionscal na harmála. Ba é an bunsmaoineamh taobh thiar de ná nach mbeadh tíortha nach bhfuil táirgeadh guail agus cruaiche faoina rialú acu in ann cogadh a throid. Sa bhliain 1950, bhí tíortha na hEorpa ag streachailt fós le déileáil le léirscrios an Dara Cogadh Domhanda, a tháinig chun deiridh cúig bliana roimhe sin. Agus iad meáite ar chogadh eile chomh millteanach sin a chosc, tháinig rialtais Eorpacha ar an gconclúid gur “doshamhlaithe agus dodhéanta go bunúsach”, de réir fhocail an Dearbhaithe, a bheadh cogadh idir an Fhrainc agus an Ghearmáin dá gcomhthiomsófaí an táirgeadh guail agus cruaiche.

Trí leasanna eacnamaíocha a chumasc, chabhrófaí le caighdeáin mhaireachtála a ardú, le síocháin a sholáthar agus leis an gcéad chéim a thógáil i dtreo Eoraip níos aontaithe a chruthú. Meastar an togra sin a bheith ar an mbunchloch de ní a chuimsíonn an tAontas Eorpach anois. Níorbh é go dtí an bhliain 1985, ag cruinniú mullaigh Eorpach a cuireadh ar siúl i Milano, gur chinn na Cinn Stáit agus Rialtais Lá na hEorpa a cheiliúradh ar an dáta sin.

Sa lá atá inniu ann, glacann na mílte daoine páirt i gcuairteanna, i ndíospóireachtaí, i gceolchoirmeacha agus in imeachtaí eile gach bliain chun an lá a chomóradh. Níl in Brainwaves ach ceann amháin de na mílte tionscadal taighde de chuid Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus Interreg ar fud na hEorpa atáthar in ann a reáchtáil le cistiú ón Aontas Eorpach.

Maoinithe ag Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa trí Chlár Comhair na hÉireann agus na Breataine Bige

BRAINWAVES, School of Biological Earth & Environmental Sciences, University College Cork, Distillery Fields, North Mall, Cork, Ireland, T23 TK30

Barr