“Pobal an Stáit agus an Ghaeilge 1920-1939” - Book Launch
Click Picture to Enlarge
“Pobal an Stáit agus an Ghaeilge 1920-1939” - Book Launch
07.06.2010

D’fhoilsigh an comhlacht foilsitheoireachta Coiscéim leabhar tábhachtach sa tsochtheangeolaíocht le déanaí dar teideal “Pobal an Stáit agus an Ghaeilge 1920-1939”.
Ba é an t-údar Seán Breandán Ó hUallacháin, iarmhac léinn agus iartheagascóir de chuid Roinn na Nua-Ghaeilge agus Ionad na Gaeilge Labhartha, COC araon.

The aim of this monograph of some 450 pages is to give a comprehensive account of attitudes and reactions by the Irish public at large to the supports put in place by the Irish State in respect to the Irish language during the foundational period 1920 – 1939.  The fascinating original account is presented through five chapters of carefully collated evidence-based research.  The objectives and the analytical methods employed are set out in the Introduction.

Ba é stiúrthóir acadúil an tsaothair seo an Dr Neil Buttimer, Roinn na Nua-Ghaeilge.  Leag sé an bhéim ina aitheasc siúd, ar ról an údair agus ar fhiúntas an tionscnaimh: “Duine dícheallach, ionraic, tuisceanach munarb eol daoibh go baileach cé hé Breandán.  Ba ghá dó na cáilíochtaí sin a bheith ann chun broic le téama an tráchtais as ar tháinig ‘Pobal na Gaeilge’.  Theastaíodar chun dul i ngleic ar an gcéad dul síos leis an líon fairsing cáipéisí ab éigean dó a cheadú mar mhaithe lena ábhar staidéir.  Bhí le scagadh breis is leathdhosaen foinse nuachta thar tréimhse fiche bliain.  

Cad iad na réimsí a shaothraigh na foinsí taighde, conas a chuireadar chuige, cad ba chor dá gcuid spriocanna i ndeireadh báire.

Léargas á thabhairt dá bharr ar ghné de stair intleachtúil na tíre maraon leis an gcúinne áirithe di a shoilsiú, is cúram dó.  Sinn i ngátar na struchtúr a cheapamar dúinn féin le fógairt an neamhspleáchais a scrúdú, féachaint cá ngeobham leo san am atá romhainn amach.  Chomh fada leis an nGaeilge mar urlabhra go háirithe, b’shin dualgas a leagadh tamall ar fhoras nach ann dó a thuilleadh, Institiúid Teangeolaíochta Éireann.  Nochtann an scéal seo ina cheart féin a riachtanaí atá oifigí stáit mar cheann an Choimisinéara Tenaga a bheith ar an bhfód feasta le seasamh le heilimintí difriúla de chothú an chultúir..”

Pictured in UCC at the Book Launch of “Pobal an Stáit agus an Ghaeilge 1920 – 1939” by Seán Ó Cuirreáin, An Coimisinéar Teanga were L-R: Dr Neil Buttimer, Roinn na Nua-Ghaeilge, Feargas Ó Snodaigh, Coiscéim Publisher,  Seán Breandán Ó hUallacháin, Údar,  Seán Ó Cuirreáin, An Coimisinéar Teanga,  Pól Ruiséal, Ionad na Gaeilge Labhartha.

1459MMcS



<<Previous ItemNext Item>>

« Back to 2010 Press Releases