Electronic edition compiled by Lisa Boucher , Alf Siewers , Saorla Ó Corráin
Funded by University College, Cork and
The Connacht Project, the Centre for the Study of Human Settlement and Political Change, NUI Galway and
the HEA via the LDT Project
2. Second draft, revised and corrected.
Extent of text: 36 155 words
Distributed by CELT online at University College, Cork, Ireland.
Text ID Number: G106500D
Availability [RESTRICTED]
Available with prior consent of the CELT programme for purposes of academic research and teaching only.
Hardcopy copyright lies with the School of Celtic Studies (Dublin Institute for Advanced Studies).
CELT: Corpus of Electronic Texts
The present text represents even pages 2-370 of the volume. All editorial introduction, apparatus; extensive notes and footnotes have been omitted. The Irish text is available as a separate file.
Text proofread twice. Text supplied by the editor is tagged sup resp="EG". Corrections are tagged corr sic resp="EG"; where the emendation is tentative, the corresponding 'cert' attribute has been allocated a value of 40 per cent.
Direct speech is tagged q.
The editor's hyphenation was reatined. Soft hyphens are silently removed. When a hyphenated word (hard or soft) crosses a page-break or line-break, this break is marked after the completion of the hyphenated word.
div0=the Dindshenchas; div1=the volume; div2=the section; div3=the individual text in poetry or prose; page-breaks and line-breaks are marked. The text is based mainly on the Book of Leinster. Folio numbers of the manuscript are not indicated in the printed edition. Passages in verse are marked by poem, stanza and line.
Dates are standardized in the ISO form yyyy-mm-dd.
Names are not tagged.
This text uses the DIV3 element to represent the poem/story.
Created: By one or more unknown authors in Irish monastic scriptoria. Date range: Middle Irish period.
Beatrix Färber (ed.)
Beatrix Färber (ed.)
Beatrix Färber (ed.)
Peter Flynn (ed.)
Lisa Boucher (ed.)
students at Bucknell University, PA (ed.)
Dr Alf Siewers, Bucknell University, PA (ed.)
Saorla Ó Corráin (ed.)
Saorla Ó Corráin (data capture)
Ultan
Mochuma
Mochúa Clúana Dolcan
Cróin Galma
Colum Cille
Ultan Tige Túa
Mochuma
Mochúa
Ultán úa Conchobair
Cróin Galma
Sinche ó Chillín Íchtair Thíre
Ultán Tige Túa
Cróin Galma
Mochúa
Ultán
Torannán Tulcha
Colum Cille
Mochúa
Colum Cille
Mochuma
Ultán
¶1] Codhal cidh díatá? Ní ansa. Aird-rí rogabastair for Erind .i. Eochaidh Ollathar a ainm, ainm anaill dó an Daghdha. Rofhoghail-sidhe Erind etir thúaith De Danann. Dorat Magh Fliuchrois día mac .i. do Aedh. Bái óclach laissién forsin fearand-sin, Codhal corr-chíchach. Bái ben rochaem laissidhe .i. Eachradh ingen Garainn glúnmháir. Dorat Aedh mac in Dagdha grad dissidhe. Faidhis Aedh a draidh dia h-edarguidhe. Asbert an ben nach treicfedh a fer fesin for aird-rígh n-Erend. Indister d' Aedh éra do tabairt don mnaí fair. Luidh-sidhe d' acallaimh an Dagdha & adféd dó a éra do inghin Garaind & adbert na bíadh co coír meni chomraicedh fría. Bentar ar éicin de h-í, for an Dagdha. Egail lím-sa coimérghe thúaithe Dé Danann do bith imón ngnim-sin, & a n-impodh fort-sa, & olc mór do beth dhe. Assu lem-sa gach ní bías de, ol an Dagdha, indás do mugugad-su tríana gradh, & gan a rochtain. Gabar Codhal acod, for sé, & faí la mhnaí íarsuidhiu. Dognither samlaidh. Gabar Codhal la h-Aedh, saigthin, & faighis lé. Berair Codhal & trí nonbair leis día coiméd. Rosoich an fis co Garaind & co Danaind & co Guirm ingin Danaind & co Sen mac Senghaind. Is and rouatar-sidhe, ac fleghugud a tigh Garainn. Rofhagsad a fleghugad & lotar a n-díaidh Aedha, & gabsatt tech fair, & curthar ár a muintire, & eolóidh fen ass. Doberait leó in mnái co Garaind & co Gruadh cóa mac. Tinolaidh an Dagdha a muinter & a maicne .i. Aedh & Cermad caem & Aenghus & Midir aite Aenghusa & Bodb Derg. Eirghit clanda Eoghain Inbir im Gharann & im Codhal. Fobairther cath aturra. Doghníad corai íaromh do réir Elcmaire an brethiman. Is í breth ruc-sidhe, an ferann in rosáraighedh Codhal a dílsiugad dó 'na enech, & a cinta a sharaigthe, & can ingrem Aedha 'na chind tría bithu sír. Doberthair rátha dho-sum indsin ím dílsiughadh an feraind, & scaraid amlaidh. Conidh desin rolen Codhal don
- Tug mac an Dagdha dhimoír
serc gan tarba fri h-anbaíl
do mnaí Chodhail a charad,
d' Echraidh con n-amharc n-anbail.- Torchair an dún a n-dernadh
do Chodhal na rún rind-mer:
esce Aedha is cned Chodhail
adaigh n-adhaigh rohíndledh.- Meltair lem an barc bleidhech
a rí na rend n-imrebach:
uaim-si ainm forsin tulaig,
for Chodhal chubhaigh chnedhach.
¶1] Slaine, cidh díatá? Ní ansa. Slaíne rí Fher mBolg, & a m-brethem, is les roslechtadh a caíll din Bruigh. Atbath íarom a nDruím Fhúar frisa n-aparthar Dumha Slaíne, & rohadhnacht ann, conidh uadh raiter Slaine din tulaigh, día n-ebradh:
- Adbath sund Sláine na slogh:
fair atá in duma dímór,
conidh Slaíne is ainm don chnuc
a n-dechaidh bás sin prim-purt.
¶1] Dubadh, cidh díatá? Ní ansa. Rí rogabustar for Erinn, Bressal bo-díbadh a ainm. Taínic díth do buaibh Erenn fría linn, cona rabatar acht secht m-ba & tarb indti. Rothinolaid fir Erenn as gach aird chuice do genam thuir occa fo chosmuilis thuir Neamhruaidh, comadh de nodigsitis dochum nime. Taínic a shiúr
¶1] Raith Crinna, cidh díatá? Ní ansa: ó Chrinda mac Cuind chét-chathaig, romarbadh and la h-Eochaidh find Fúathnairt, rohainmnighedh. Co rug Eochaidh a chend leis a teach Theamrach co rochuir for cleith cháerthaind, ar ulc fría h-Art mac Cuind, ar ba ges dó anní sin. Conidh desin rohindarbadh Eochaidh il-Laighnibh, conidh de atáitt Fotharta indtiu aniu.
- Crinna mac Cuinn, crúaidh a gaí,
do robo dún Dún Crinnaí:
cidh é a ainm-siumh gairther dhe
ann robo bec a buaine.
¶1] Umhall, cidh díatá? Ní ansa. Umall gilla Finntain meic Bochra itorchair ann la Tuaith Dé Danand, in tan tucadh cét-chath Muighe Tuiredh atorru & Fir Bolcc. Rohadhnacht íarom a Muigh Réidh, ar rob é sin a ainm ría n-Umhall: día n-debradh:
- Umall gilla Fíntain fhél
rohadhnaicedh a Muigh Réidh:
na celidh for buidhnibh clann
inní sin díatá Umhall.
¶2] No dano Umall .i. all umha darat Manandán mac Lir ime ann fría h-edh cían tria druídhecht, & comadh ón all umha sin adberthaí Umall fris.
¶1] Mag Leathluachra, cidh díatá? Ní ansa. Leathluachair & Furu-drán, dá óclach gradha do Fhínn mac Cumhaill, robadar isin maighin sin. Dá dún acco a Muigh Léthluachra, Dún Furudhráin & Dún Lethluachra. Anand fhind, ben Fhurudhráin isin dún medhonach, conidh de raiter Dún Anainne finne. Dorat Anand gradh do Lethluachair, co n-dernsad aentaigh, co feas forro a m-béd. Conidhromarb Furudrán Lethluachair ina míghnímh, co roadhnacht isin muigh sin, conidh de raiter Magh Leathluachra, ut dicitur:
- Leathluachair mór-óglach Finn
gilla is úallcha baí a n-Erinn,
is é robai sunda ana
is uadh sloindter an mag-sa.
¶1] Conachail, cidh díatá? Ní ansa. Corann ingen Daíl doróne sealcc and for mucaibh allta co romarbsat na muca nái coin da conaibh, co roadhnacht lei-si íat acus co n-dernad duma úasa. Conadh desin atá Conachail, día n-debradh:
- Corann, robo ben co céill,
ingen Dail, is domhna fhél:
dorighne selg for an muigh,
conadh de atá Conachail.- Marbaid na muca móra
nái coin da conaib crodha:
a fert roclaidhedh cen ail,
conidh de atá Conachail.- Cidh Corann a ainm aníu
ac na h-ócaibh fír-Fochlíu
in caille, etar slíabh is chaill,
dob ainm do riamh ría Corann. C.
¶1] Ath Crocha, cidh diatá? Ní ansa. Croch mór mac Daíre dornnmaír do Chlandaib Deadhadh atorchar ann la Coinculaind mac Sualtaimh for cath Finnchoradh, a quo Ath Crócha nominatur. Nó Crochán cenn-derg romarbsat Maic Morna ann, día n-debradh:
- Atorchair leo na h-inis
a siúr budhén Maighinis:
atorchair ann Cróch na celc
's a ingen Cróchu cenn-derg.
¶2] Et Maighinis ingen Garaigh glún-mháir romarbadh a Maighinis, conidh uaithe roghab ainmniugadh, & Cróch cenn-derg, & a ingen Crócha forsin áth út, conidh uaidhibh roghabh a n-ainm Ath Crócha.
¶1] Mag n-Úra, cidh diátá? Ní ansa. Colum Cille dorighne moladh do Chiarán mac an tShaír íarna écc. Énna macu Laíghsi, issé robáei for cínd Cholaim Chille. Bearchán a farrudh Cholaim Chille, air issé rob aite dó, & is uadh fuaír irmhór a fháitsine. Is ann rorecadh an t-immond, aít a fuil Cros Cholaim Chille forsin faichthi. Tarcas lán tíre na manchán do búaib do Cholaim Chille, nó. xx. cét uinge d'argat, & nír gab Colum Cille sin, acht a trí mámanna do úraibh Cíaráin. Tucadh dosum sin, & rucc leis co Magh n-Uatha. Rocraith-sim a thri mhám isin muigh-sin, cor'chuir na deamna ass, ar robo lán do dheamhnaib conice sin é. Conidh óna h-uraib Cíaráin rolen Magh n-Úra dhe. Mag nDerg a ainm ar tús, ó Derg mac Dolair, dorochair and. Mag n-Uatha a ainm íarsin, ó Uath échtach mac Feradhaigh, dorochair and for cath Muighe Deirg, tucsat Connachta do Chormac Conloinges in lá ría toghail Bruighne Dá Choga. Magh n-Úra imorro a ainm iar tain óna h-úraibh Cíaráin do chrothadh fair.
¶1] Magh Mandachta, cidh diatá? Ní ansa. Mand Muirisce mac Daíre brathair Damháin meic Daíre atorchair and la Coinculaind mac Sualtaigh for Táin Bó Cúailnge, conidh de raiter Magh Mandachta .i. Mand-echta .i. écht Mainn and. Nó comadh ona mnaibh romarb Cúchulaind and a cinta Derborgaill mná Lughdach sríab-nderg, romarbsad-som tría fhormud, nóraite Magh Mandachta de .i. Magh in Bain-échta, & Ath Bannleachta forsin ath .i. o ban-lechtaibh ban Uladh ann.
¶1] Loch Lughborta, cidh diatá? Ní ansa. Mór-dál robaí ac trí maccaibh Cermada meic in Daghda annsin a Cáendruim frisa raiter Uisnech, fri Lugh mac n-Eithne, do dhenamh chóra fris a lus a n-athar .i. Chermuda, rosmarb-som ic éd 'ma mhnaí. Rococradh Lugh dino la maccaibh Cermuda .i. Mac Cuill, Mac Cécht, Mac Gréne, Lugh do marbadh. Saidhis Mac Cuill sleigh inna thraigid an fir. Doluidh-sim íarom uaidhibh a n-eisimul cusin loch ucut. Marbthair & baiter andsin h-é, & issed adberad-som, conidh fair rogníadh in carn fil isin phurt frisa n-abur in Sidhán, Conidh Lecht Logha in carnn-sin, & conidh Loch Lughborta & Carnd Lughdhach íarom desin.
¶2] Nó comadh o Lughaidh mac Táil frisa n-aparthaí Delb Aedh rohainmnighedh. Uair in tan taínic Delb Aedh mac Táil aness a Mumain cona chóig maccaibh, íarna fogra día inghin fesin dó a fherann d' fhagbáil disi & día fir .i. do Thrad mac Tasaigh, is é port rogab-som in crích út, co n-derna-som tene druidhechta íar sin, cor' muighsed cóic sruama eisti, & cur' lái-sium mac fri gach sruaim díbh .i. dá mac fri h-Oirbsen aníar .i. Gnó beg & Gnó mór, Baetan i mBeathra, Andiledh a nDelbna móir, Anlenn a nDelbna
¶1] Cruachán Oighle, cid diatá? Ní ansa. Aighle mac Deirg meic Condrach dorochair and lá Cromderg mac Connrach uaír[gap: extent: some words]Clíara cedach romarbh Aighle for comairce Chromdeirg. Cruachán Garbrois a ainm reme-sin. Crúachán Oighle imorro a ainm ósin ille, ut dicitur in sequenti.
- Oighle mac Deirg, derg a dhrech,
romarb Cromderg mac Connrach:
don gnim-sin co ngairge ngus
as de atá Oighle ar Gharbrus.- Crúachán Garbrois gairmdís de
lucht eólais in tiri-si:
Cruachán Aighle ósin amach
a ainm co tí ia bráth brethach.- Cidh díatá Clíara cétach?
finnad senchadha Olnécmacht:
ann robíth ingen in Scáil
isa clíar ótha Espáin.- Is Druímne, cidh díatá an t-ainm?
ann ba Luat mac in Scáil Bhailb:
ann robíth Bairend a ben
dár' bhris a druim trén-galar.- Ecaill atá for an linn
an feas duibh cidh díatá in dínd?
Ecaill ingen Aedha deirg
and robíth, meic in Leth-deirg.
¶1] Sliab Badhna, cidh díatá? Ní ansa. Día tangadar Fomóraigh a tochosal chatha Muighi Turedh, tangadar ann na cethri righ-fheinnigh .i. Goll & Irgholl, Omna & Badhgna, ceithri meic Innigh meic Tuire thort-builligh. O romebaigh in cath íarom for Fomoraibh rolen cach a toghraím asin cath. Dorochair Goll & Irgholl fora sleib, conidh úaidhibh raiter Slíab nGuill & Slíab n-Irghuill. Docher Omna fora áth, conidh uadh Ath Omna for Buíll. Robith Badhghna ina sleib i n-airrthiur in tshlebe, conidh uadh raiter Slíab Baghna. Dorochair dono Fer Dá Laarc oc Buill, conidh uadh raiter Ath Dá Laarg for Buíll. La Lugh lámh-fhada atorchradar. Atorchair Clárach a Corann, conidh uadh raiter Clárach. Cnamha a Cuil Cnamha.
¶1] Tulach Eoghain a n-Uaib Failghe, cidh diatá? Ní ansa. Eogan Bruighne Dá Chocca roadhnacht innti. Is aire imorro adberthe Eogan Bruighne de, air is a mBruighin Dá Chocca rucadh & ro-hoileadh h-é .i. Eogan Bruighne mac Nathí meic Rossa Failghe meic Cathaír móir, & is uadh ainmnighther Tulach Eogain, día n-ebradh:
- Fuil sunn lecht Eogain Bruighne
ní leacht deoradh cen duilghe,
fer gan tath[a]ír na thír thair
úa Cathaír móir meic Eoghain.
¶2] Cormac úa Cuind, issé roalt Eogan. Eiched imorro ingen Dén rodnalt. Is eissiumh dorat in magh fris n-abar Mag Riched disi a ferannus, & comadh uaithe nóghabhadh ainmniughadh. Isin
- Tathum domna bróin ar beirt
for ligib láech ós lom-deirc:
ní fil adféta co fír
ingnais éca na n-ard-ríg.- Missi sund ós lepthaib trá
fri serc-maid, fri sír-guba:
iat-som fo brón bethad cé
cen sód is cen sóinmige.- Failet sund cethrur calma
i n-óen-áit i n-óen-adba:
bith for lepaid nal-láech lond
is deccair, is díchumung.- Cethair, is rúss, rúamdais gail,
Nathí úais athair Eogain,
Eogan Nathí, Ross na rath,
Cathaír cóir in cethramad.- Sé meic Rosa Falge fheil,
bítis Lagnig dia lán-réir,
fir allaid ar cach achud
co nostarraid trom-thathum: T.- Oengus find, Oengus dub dían,
Brenaind, Dalán, daig dar sliab,
Eochaid, ba airech achaid,
is Nathí, co trom-thathaim. T.- Maclocc, Fergus, Cetach cruaid,
Currech, Furudran find-gluair,
aithellach da Ailill ail,
Oengus, Coelan, Conamail,- Deich meic sin do Chathair cruaid
ocus sé h-úi 'sind oen-uaig:
ba sluag leoman cen lacad
sund im Eogan tamthata. T.
- Siat sain a meice sa h-úi
ind ard-ríg Cathair cleth-núi:
i Carmun na rig ir-rag
adbul in gnim a tatham. T.- Éber mac Miled, meit gal,
leat líath Lugna luath-mongach
'sin Bothur eter Da Mag
tát sin tóchur 'na tatham. T.- Secht fir secht fichit secht cét
secht ríg-fhir co soilse dét:
mac Heiris iar coll a chor
tá sund co tromm na thathom. T.- Ainm in chnuicc maith as cach mud,
fo fail cach flaith 'na foluch,
ruc leis in leoman mar Lug:
fotá Eogan na thathum. T.- Mór láech, mór lige, mór lecht,
mór fine ocus mór n-airecht,
dars' tic túr ocus tachud
noco rún in ríg-thathum. T.- Cormac úa Cuind, cen chur de,
roalt sund Eogan Bruidne:
ainm a muimme cen mafad
Rechet, ruc in ríg-thatham. T.- 7An tEogan-sa, as i do oil,
Rechet, inghean Dein dírmaigh:
dorad roinn dia muime maith
gan coing uirre acht an t-ard-fhlaith.- Dobherainn eol gan dailbh daith
go ttug duthaigh di an dath-maith:
fonn glan gan doméin rodet
conadh Magh roréidh Reichet.
- An lo tall a dalta di
do Reichet an magh mín-si
gan chárait gun mnaoi mun magh
búi, go ttáinig a tathamh. T.
¶1] Glaissi Bulga, cidh díatá? Ní ansa. Glas ingen Deirg meic Deaghadh roalt Osgur mac Oisín meic Find. Co romarb Cairpre mac Cormaic uí Chuinn intí Oscur a cath Gabhra. Et tánic Glas aníar al-Luachair Deadhadh do chaínedh a dalta co tech a h-athar. O 'tconnairc an tech úaithe & in muintear & na comaltadha batar ím Oscur, dorochair faen tara h-ais, co n-abadh cen anmain, co n-ebairt cách Glais bolc faen sund, & bidh é a h-ainm folilfe an ferand-sa co brath. Conidh de asbert in file:
- Glais-ben, ingen Deadhadh Deirg
roalt Oscur, aidble uird:
robris a cridhe gan cheilg
forsin leirrc a nGlassa Builcc.
¶1] Loch Semdidhe, cidh díatá? Ní ansa. Semtell mac Saibhce, tren-fher Airt mhic Cuind chét-chathaig robaighed and, íar marbadh dhó Becloingis meic Eiris tría ímthrascrad. Becloinges íaromh tanic a h-Espáin co h-Erind, & conatecht comrac aínfhir for Art mac Cuind, nó ben Airt do thabairt dó .i. Aenmaiche ingen Aedha mic Aiche rígh Connacht. Roghab Semdeall imorro an comlonn dar ceand Airt, & docer Begloingseach leis, & taínic día thig, & rosfothraic isin loch, & rosbaighedh ann iarom. Conidh uadh ainmnighther Loch Semtille.
¶1] Inis Samér, cidh díatá? Ní ansa. Díambaí Partholón isinn indsi sin & a ben .i. Delgnatt, & a ghilla .i. Toba, & a chú .i. Samér, doluidh Parrtholón a aenur immach do chúartughudh an feraind. Aentaighid imorro día éis a ben & a gilla, & ebhait digh ceachtar
¶1] Dun Ruissarach, cid diatá? Ní ansa. Garach mac Fomhuir do Domhnannchaibh las' rocumdaighedh h-e, & is í a aittreabh robaí ann. Iss íat a thrí mic sin robítha for tana la Coinchulaind .i. Lon & Diliu & Uala a n-anmanna.
¶2] No dano Sarach sáer dorighne do Phadraicc a chumdach fa deoidh. Ata comla fris, & atá sab forin comlaidh sin ó ré Padraic cosaníu, & nidad críne achach, & ní fes cía cinél crainn íad. Atá dano a tairrngire don dún-sin a brith a tír tairrngire cona lán daíne & inndile leiss .i. secht lán faicthi an dúine, & atá radharc isin faicthi. Itá dano a m-briathraib Patraic cach úair bus écen, cidh mór do bhuaib berthair chuice, co taillfe ann, co n-abra mac ban-treabthaighe Ní thalla and; & cibedh úair adbérthar sin and, raghaidh Dún Roissárach ass. Lan in dune do buaib máela odhra tugadh don tsháer fora dhenamh, acht testa aen-bó de: & is é logh tucadh don tsháer innti-sidhe, a ainm forsin dún .i. Dún Rois Sárach. Dun Trí Líag imorro a ainm ó chéin anall.8
Dun Cluana h-Ithair cidh diatá? Ní ansa. Ithar mac Édgaíth an fhennedha robáighedh annsin forsin linde 'na comair amach for Sinaind. Robaighedh annsin dono a chethri cornnaire, conidh de raiter Línd na Cornnairedh.
- Bás Dubthaigh duind icá thaigh,
bass Lughdach a Muighen-muigh,
Cormac a mBruidhin, báss laeích,
badhugh Ithair mic Édgaíth.
¶1] Sith Duba, cidh díatá? Ní ansa. Duma ingen righ Sidhi Fher Femin dodheachaidh a coinde Labradha lendánaigh do Feruibh Bolcc, co torchair codladh furre, co rofáss ceó uímpe, & co n-dechaidh for merugud isin sidh, & co bfhuil ann beóus. Conidh desin atá Sith Dumha.
¶1] Magh Coraind, cidh diatá? Ní ansa. Corann cruitire do Dhían Cécht mac in Dagdha, rogairm-sidhe asa chruit Cáelchés do mucuib Dreibrinne, & roreith-sidhe fothúaidh íar nirt a cnámh, & roreth cúanart Olnécmacht & al-laechradh ina díaidh conice Céis Chorainn, & is desin atá Céis Chorainn & Magh Coraind.
¶1] Traigh Eaba, cidh diatá? Ní ansa. Día tanic Cesair ingen Betha mic Naoí lucht curaigh co h-Erinn. Tainic Eaba in ban-líaidh léi, cho rocodail isin trácht, co robáidh in tonn iarom. Conidh de raiter Rind Eaba & Traigh Eaba dona h-inadhaibh sin osin ille.
¶1] Uaigh Buana, cidh diatá? Ní ansa. Búan inghen Saméra dodhechaidh a n-deghaidh Chonculainn, dia n-deachatar triúr do chosnam an míre curadh .i. Laeghaire & Conall & Cúchulainn. Forfemdhes breth uime doib a n-Emain Macha, co túdchadar a fuighellaibh Cruachan. Foréimidh-sidhe dano, co ronerb co Samér do Eas Ruaidh, condacertsidhe iarom dóib, & dolotar fo chórai uadh. Luidh fer dib for Ess Ruaidh .i. Laeghaire. Luidh fer ele for Snamh Rathaind .i. Conall, & a ara Rathann is ann conapadh for Líg Rathain. Luidh ingen Saméra for lorcc na trí carpad. Athgeóin slicht fonnaigh Chonculainn, fódaigh nach sed cumang notheigedh. Rochlaidhedh na múra, & nofhairsingedh & nolingedh da gach thelaigh for araile. Roleblaing sí lem n-úathmar ina dhíaidh-seom, co n-ecmaing a tul imón all dofuiris in carpat. Conidh desin ainmnighther Uaigh Búana.
¶1] Magh Muirtemne, cidh diatá? Ní ansa. Tricha blíadan íar n-dilind baí muir thairis, conidh de adberar Murthemne de. .i. temhe (?) in mara, nó fo scemil mara h-é. Nó mur draidhechta baí fair co muir-selche ann co n-aicnedh suightheach lais. Consuighedh in fer cona armgaiscedh chuige, co m-bidh for lár a ustudh-builg. Co táinic in Dagdha & a lorg anfaidh 'na laim & rothom uadh for an muir-tshelche & rochan na bríathra-sa. Taí do chenn cúasachtach. Taí do chorp císachtach. Toí do thul toghuidhe. Báig thúaigh. Co rothraigh an muir-tshelche desin cosin muir n-druidhechta & comadh desin adbertha Mag Murthemne de.
¶1] Línd Fec, cidh diatá? Ní ansa. Féc mac Follamhain mac Conchobair dorochair ann for cath Ruis na Righ .i. a badhugh andsin, et cetera.
¶1] Druim Thairleme, cidh diatá? Ní ansa. Lía labar robaí and ó aímsir Thúaithe Dé Danann, & demun doberedh fregartha dó ass. Co n-apradh fri cach n-áen tairisem oca dia adhradh. Co tairb-lingedh cach aen nótheighedh seacha oca co m-bidís icá adhradh. Co rofhás desin coná téd neach ósin ille isin telaigh cen tairlem innte, amail budh ges dóib techt sece cen airisim ínnte. Conidh ón tairlem-sin rofhás Druim Thairléme do radh frisin tulaig osin ille.
¶1] Brí Graidhe, cidh diatá? Ní ansa. Día luidh Laegaire mac Néill rí Erenn co Ferta Fher Fécce d' innsaighe Patraicc, día tánic do shiladh chredme a n-Erinn. Tangadar toirne & saighnéna móra andsin tría mírbaile Patraic co rolái scuru Erenn for fúascur. Conidh and fríth acon tslíabh amne, conidh de dogarar Brí Graighe .i. tulach nó ard na n-ech nam brí ard no tulach dicitur.
¶1] Sleamain Midhe, cidh diatá? Ní ansa. An tan dogairthe cách do fheis Teamhrach la righ Erenn, nochommórtha feis la righ Midhe isin tulaig amne, ar ba ges do righ Midhe cen fhes na
¶2] Slemain .i. Sliab Main .i. Maein aidhi Moraind mic Cairbre Cind Cait boi and, in tan boi nert aithech-tuath for Erinn.
¶1] Athais Midhe, cidh díatá? Ní ansa. Una (.i. gorta) mór dodheachaidh a n-Érinn uile, co n-derna cach áen forar' thoill a n-Erinn domun-chuiledha daingne acu ic taiscidh a m-bidh & ica choigill. Dorónadh teach n-daingen ac righ Midhe a Tulaig an Comlaind. Dodheachaidh araili duine & rotholl in teach & roshín a láim tresin aidherbi d' íarraidh bídh. Roairighsit an lucht robaí isin tigh sin & rotescadh a lamh thall de. Rosín-siumh dano an laim sláin tríasin aidhérbe cédna. Roghabsad an lucht robai thall issidhe, & tangus día shaighidh & rogabadh h-é. Cidh 'mo tarrdais do laím, ar íad, a n-diaidh na laímhe aile día beim dhít? Baí dom ocaraighe, ar sé, & do saint bídh ocom, corbo cuma lím cach ball ar úair do bem dim, acht co bhfaghbainn bíadh. Is mór in athais do feruibh Erenn anní conraidhe, for cách. Bidh de dano bías Athais forsin tilaig a n-dernadh co brath, for an druí. Conidh de rodngiúil ósin an t-ainm sin cnuc .i. Athais Midhe.
¶1] Sliab Slangha, cidh díata? Ní ansa. Selg dorónadh la Rudhraighe, trí coícta laech, ba h-edh a lín. Dúiscther torc allaidh oco. Marbaidh-sidhe cóicait don tshluagh & brisis da ghaí Rudhraighe.
¶2] No Slangha mac Partholáin an cethramadh aire Erenn rohadhnaiced ann la Partholán, unde Slíab Slangha nominatur: & is é cétna liaigh Erenn é, amail adberar sunn:
- Slanga, mac Pártholáin grínd,
leighis doróne a n-Erind
Laighlind rogaed ina blai
i cath mór Muighe h-Ithaí.
¶1] Magh n-Etrighe, cidh diatá? Ní ansa. An tan robás icá reidhiugud la Párrtholón, & ica threbad, is ann adbath in ceth-ramadh dam robaí icá trebadh occa la méd a fedhma. Etrighe a ainm: is uadh raiter Mag n-Etrighe don muigh, ut poeta dixit:
- Líag is Lecmagh cona lí
Imaire & Etrighí
in ceathar-dham co n-dír dám
rothrebsad tír Parrthalán.
¶1] Tipra Brothlaighe, cidh diatá? Ní ansa. Día romarbsad Maic Mórna Dorunmár & Indascland & Imdán do muintir Fhínn uí Baíscne, co roláiset a trí cindu isin tibrait, conidh ón brothlach sin adberar Tibra Brothlaige.
- Tucsad cend Dornmáir dhaltaidh
is Innasclaind imfhartail
& lmgáin ar sene
ar lár Thipra Brothlaige.
¶1] Grellach Dulluidh, cidh diatá? Ní ansa. Dolludh mac Cairpre Nía Fer dorochair innti lá Coinculaind. Amrún Fer nDea a ainm ó chéin, fobith ba h-ann ceda-ímraidhedh tochestol chatha Muighe Tuiredh lá Deo Danand.
¶1] Oin Aub, cidh diata? Ní ansa. Baí óglach amra la Gaidhela ir-righi. Alais dá each for áes Sidhe Earcmon, h-i scaitib Auae Cenindáin. Nemedh mac Namha ainm an rígh. Doleicthea dó íarom an da each asin tsídh. Domeabaidh sruaim ina n-deghaidh asin tshidh, & baí aúan már forsin tsrúaim sin ina n-deghaidh, & lethais tarsan tír an t-úan romór, & baí samlaidh co cenn m-bliadna, conidh aire sin asrubradh Úanob don uisce sin, & conidh aire atrubairt Cúchulaind, For úan da each n-Emna tánic .i. an tan tánic do thochmurc Eímire. Unde Oin ub dicitur.
¶1] Glend mBreoghain, cidh diatá? Ní ansa. O Breoghan, o sinnser mac Míledh ainmnighther Magh mBregh & Glend mBreoghain, & as fris adberar Glend an Már-daimh .i. damh Smirgaill mic Teathrach, ba rí for Erinn. Adbath dino an dam sin ó thoidin mná Futae oc esradh Muighe Bregh síar co beólo dúin, & as frisin magh sin adberar Druím na Már-mhuice .i. ar ba delb muice tarfás do macaibh Míledh for cach tilaig & for cach n-dingna a n-Erinn, annsin immerensat & adcobarsat gabáil in tire.
¶1] Ailén Cobthaig cid diatá? Ní ansa. Dubthach dornmár mac Eogain rí Muman. Ben ambrit leis: mór imorro a túaithe na mná. Nobíd dano in ben oca chomét col-léir, conna comairsed fri mnaí n-aile. Bátar fir Muman oca chairigud cen chlannugud do dénum. Docúas uad do chungid ingine as áillem nobeth la Mumain dó. Fofríth dó iarsuidiu Fedelm fholt-buide ingen Dínil ó Chum Dínil i crích Chorco Duibne ir-Ros Túascirt. Tic in techta aníar co n-ebert frisseom. Dolluid-seom iarom do fheiss lassin n-ingin. Dollotar co m-batar issind fhaithchi uile a munter. Dolluid in ben immach cor-rala cor impu for túathbiul conna cungnétar nem na talmain. Ité clama bodra. Issed ruc a ech inní Dubthach, co tech a ingine búi issind fhaithchi .i. Ethne thóeb-fhota, ingen Dubthaig. Olc ón imorro, ar sí, soífet-sa uile: úam-se rucad in t-eolas di. Imthéit-side impu, conidrala díb acht in buidre nammá. Ní h-uaim-se rucad ón, or sí. Ní rolá díb iarom. Gaibthi síar. Táet Dínel ar se ar mo chend dom shénad. Druí side. Noséna-side, condarala de. Do tháet ind ingen immach do fherthain fháilte frisin ríg. Is cóir duit, ar Dínel, ferthain fáilte fris: is tú doroacht do maith ocus do líth duíb. Ba maith ón ám, a Díneil, ar ind ingen, dia m-beth iartaige de. Bíaid, or Dínel. Cíd bías de? or ind ingen. Is and asbert Dínel:
Dínel
- A Fedelm, a fholt-buide,
béra mac do Dubthach de:
bid fer innraic in cech airm,
Carpre cend-chotut a ainm.- Genfid i n-inis iar nglind,
rofestar Ériu imrind:
gébaid ríge, regtait fir
for Clanna Dedad meic Shin.
- Bíaid cét m-blíadna i flaithius,
bid airdirc a mór-maithius:
genfit adamra 'na ré,
nad co tancatar cose.- Finnai cid lethan al-loch,
ocus cid mór a anfod,
tráigfid, ní bia banna fair,
i flaith meic Dubthaig dornmair.- A tír fil la tóeb Cláre,
otá Cnámchaill co h-Áne,
ní nad raibe fair cose,
donicfa immed dáme.- Bairend, cid soréid uile,
ásfaid comba Cloch Daire:
bíaid immad aittin ann
i tírib áillib Érann.- Femen cid sescand cose,
ocus cid rota Raigne,
dorega scoth-shemmor ind
i flaith Chairpri chotut-chind.- Báidfidir iarora túaid Buí,
is and atbeir Dinél druí
díth meic Dubthaig, trúag n-élang,
caínfitit túatha Érann.- Ásfaid carrac for a druim
issind aicén oc Taig Duinn,
comba fadirc ós ler lán
in charrac cach leth for snám.- Rafáid iarom timchell sair
ecna do thir ocus muir
la toíb n-Érenn, érim nglé,
condaben fri Bentraige.
- Ó docomce Corpre clí
colla for crích mBentraigi
nícon bia senchas iarsin
do mac Dubthaig meic Eogain.- Regthair etarru ocus tír
oc buain míanna, mór in bríg;
it é dogénat in m-brú
síl mBuinne do Bentraigiu.- Ticfa rí rúnda aile,
Cobthach dít h-uíb tarraige:
is leis bérthar aittreb ind
for Druim Corpri chotut-chind.- Bíaid caín lind
condaticfat in Tálchind:
fíal étrocht, aille sretha,
bid leó tria bithu betha.
¶1] Eamhain Macha, cidh diatá? Ní ansa. Macha mong-ruadh, ingen Aedha rúaidh meic Badhuirnn, dorad for macaibh Díthorba in ráith do chlaidhe. Día m-batar for indarba i fothribh Bairne luidh-si ir-richt chlaimsighe chuco día m-batar ac fuine thuirc allaidh isin chaille. Berigh gach fer ar úair les h-í do aentughudh fría, & nochengladh-si iarom. Beridh-si iarom lei co h-Emain fon chruth sin cóic meic Dithorba .i. Baeth & Brass & Bétach, Uallach & Borbchass a n-anmand-sidhe. Fororchongairt-sidhe dino in ráith do chlaidhe, ar bá fearr lei moghsaine forro andá a marbudh. Rothoraind doibh ímpi 'ma cúairt día dealg íarsin in ratha, & rosclaidhset-som. Unde dicitur Eamain .i. eomhuin .i. eo imma mhuin Mhacha .i. delg ímmá braighit. Acht chena fégh in Réim Rigraidhi, si desideras inuenire prolixius, & causa breuitatis hic praetermito.
¶2] Nó dano is de Eamhuin Macha. Dia luidh Macha ingen Sainrith
¶1] Teach nDuind, cidh diatá? Ní ansa. In tan dolotar meic Miled aniar don Erinn, asbert a n-druí fríu: Fear raghas isin crand siúil, for se, & madh é chanus ar tus dichedla for Tuathaib Dei, maighfidh in cath forro, & lindi íarsin co brath a tír: & bebais in fer cuirfes in m-bricht. Fochres crandchor forro, & tachraidh do Dhonn taidhecht isin seól. Dogníther íarom samlaid, & luidh Dond isin seól, & canaidh tinchetla fríu, & doluidh sís iarsin, & asbert: Tonga na deo ol sé, cona didhemthar cert no cóir duib festa. Canaid-seom dano di thír tinchedla forro-som dia fregra. Iar mallachadh Duinn íarom do Thuaith De dofáinic crith-ghalar fo chétóir isin luing. Asbert Amarghen: Bidh marb Dond, for se, & ní seghdha dund congbail im athgabail an ghalair. Ar día ructhar Dond i tír, bíaidh an galar-sa co brath a n-Erinn. Asbert Dond: Berar mo choland-sa, for sé, a n-oen na n-ínnsi, & dobéra mo chinél bendachtain form co brath. Ticc íarom ainbhtine doibh tria thinchedlaibh na n-drúadh, & báiter an bárc a m-bái Dond. Berar a choland isin carraic n-aird thall, ol Aimhirghen: conidh de dogarar Teach nDuind. Ticfad a munnter an maighin sin, ol Amhirghen. Is aire sin adellad na h-anmanda peccacha co teach nDuind ría techt a n-ifearn, do reír na ngennti, cédus, co tabraid a m-bendachtain for anmain Duinn. Madh anum fírén imorro fir aithrighe is di chéin adcí-sidhe, & ní berar fordul. As i sin tra cédfaidh na ngénnti. Conid desin dogarar Tech nDuind.
¶1] Cend Finichair, unde nominatur? Ní ansa. Finichair mac Gollain meic Gainmedaig brithem ocus fath-liaig ocus bard Find meic Cumaill ocus úa Echach Find Fuath n-Airt é, ocus Find mac Cumaill rodnalt. Co tuc grad do mnai Chathniad chongnaid, conostarraid Cathnia i n-oentaid dormaine, coromarb cách díb araile, ocus dorat Cathnia cend Finichair forsin tshleib út, ocus a quo mons nominatur. Murend mor-ainech, ingen Echach Find Fuath n-Airt a máthair. Et Tuirend Tamnaige a ben, ocus atbathadar dia chumaid. Coica blíadna a aes ocus coíca
- Inmain in fáid Finichair,
ba h-aigni cáid cridichair
in gil gluair nar grith-ecail,
ind fhir lúaith o Lifechair.- Dual do Chormac caurata
in borr-shlatt cen bith-ecla,
brithem bind, ba bunata,
faith-liaig Find, ba fileta.- Hi Cabraid a chomnaide,
i talmain a thig-laige,
coica traiged talmaide,
amgaire cen inmaine. In.- Romarb Cathnia congbaide
a aithgne ba h-ibraide,
ic ét moa mnai mong-buide,
dormaine cen inmaine. In.- Dith dessi tria dormaine,
a treisse rostimgaire:
ba bét ar bruc Bregmaige,
éc rosfuc cen inmaine. In.- Mo chara ba congbaide,
a bara ba bidbaide,
Finichair, fáid fornaidi,
fer oll-blaide inmaine. In.- Missi Find in flaith-ruire,
ni mathmuine midlaige,
ni thucus do duni ar lár
a grád nach a inmaine. In.
- Fuair forran i fornaide
mac Gollain cen imduibe:
ba bili bán Bregmaigi
cride dam ar inmaine. In.- Finichair, géc omnaide,
rodail éc cen irnaide
dond fhiur maith romarb-side
almsaine cen inmaine. In.- Fer na fil im fhiadnaise
im triamain-se timgaire:
ruc fath-brithem Almaine
adgaire cen inmaine. In.- Mac Murinni Mornaige
fer Turinni tim-chraide,
brithem ard cen amgaire,
bard Almaine inmaine. In.- Mac Gollain meic Gainmedaig,
glan-medair fir h-il-maine
truag in teidm a throm-laige
buan formaide a inmaine. In.- Find Fuath n-Airt a shen-athair,
fuair eladaine il-maine,
cosindiu ni roscáilius
ni romaidius a inmaine. In.- Coica miled mong-buide
moan ríg cen ríg-duibe,
cóica ban, chor comnaide,
coica con co n-inmaine. In.- Cóica mac romúnestar
ro seilgg is ro siblaige
cóica cen báes mband-gaile
ina aís co n-inmaine. In.
- Da cét laech rolamair-sium
damair-sium a n-dimdaige:
dosfuc fo éc omnaide
comnaide cen inmaine. IN.
¶1] Lumman Tigi Srafain canas roainmniged? Ní ansa Lumman ainm do cach scíath .i. leoman, ar ni bíd scíath cen deilb leomain and .i. co m-bad fhuillite a gráin & a fhurfhuath, ar is feochair amnas in leo & is cathach congalach, & tri brictu & tecusca dognítis insin. Bóe dano scíath la Corbb mac Cinain, & ni gaibthi cath nó comlund fris ic secht rígaib do rígaib h-Erenn.
¶2] Baí cath-milid in tan sin, & ba faid & ba fili é .i. Fer Bern mac Regamna, brathair do Fhind mac Regamna, et oca-saide bói Teite ingen Meic Nia, a quo Oenach Teite nominatur. Inund mathair .i. Fainchi tre-chichech ingen Airmora do Aradaib Cliach la Currech mac Cathair & la Fothad Cananne & la Teiti, la mnái Find meic Regamna, & inund athair la Fer Bern & la Find mac Regamna. Luid dano Fer Bern & duan leis do athchungid in scéith co Corbb mac Cinain, & rob é ainm in sceith la Corbb .i. Dubgilla. Tucad dano in sciath do Fhir Bern & ba fálid de Fer Bern. Ocus issí sin amser robás oc fúr chatha Cerna eter Art mac
- Dubgilla dub-airm n-aisse,
eo ruisse, roen sleg snaisse,
sluindfe dún diupa deinne
do chungid leinne glaisse.- Comairle Dé dom thuus,
ciped tráth no ré rosius:
cia beit bruit oc mac Cinain,
ni da tinail consius,- Acht lend na daim a diablad,
na gaib culend no craebrad,
ditiu della fri lummain,
celtar cunnail co n-dael-dath.- Dligid aíl, nirbo uabur,
fri daíl iar n-áine faebur,
bratt cona srengat nóidin,
forbbaid oen-fhir a oenur.- Etiud gnathach cuirp rethi
nad reith snathat nó snathe,
tugan martra, mind naire,
bratt nad ralad dar fathe.
- Doeim fossad fot rea,
cona ceil cossar class fua:
cen co tarla mong fria
méraid a lomm fria nua.- Ni taiss arricht, reim n-ellach,
dar' na tarla slicht slinned:
rofess am-maig ní mongach,
ci atchess cen dlúth cen indech,- Cen garmna cruind co n-druine,
cen chlaidbe adma fige,
cen lamda deg-mná deimne,
cen deilg n-eirrgi dia rige.- Reidfid Dubgilla delbda,
dín mo debra, mind ngaible,
in bratt condaig Fer Berna,
acht ni trebrad ní coimge.- Ni find, ní liath, ni lachtna,
ni derg, ní gorm, ni corcra,
ni breccan raenach riabach,
ni h-etgud srianach soccra.- Sossad n-aidche, secc lige,
fossad fri gaethaib gubae,
cumthach brunni, barr feibi,
fot aidche daille dube. D.- Mo duan ni dub, ni dous:
dlug don tshluag cosnaius
slicht mo lám, niptar slemna:
is me Fer Berna, ó Brius.- Missi is mo lumman lomda,
sund donrubad, tor tedma:
iar ngním fri gliaid ngáithi
biaid fóithi Fer Berna.
- Torsat sund, bid slicht sona,
dias dond cen bricht cen bluga:
laigfit form-sa, maith mana,
is roga raith in ruba:
legfait sain oc Dia delbda,
bertait uaim demna duba. D.- Tri cét blíadna iar saine,
ni siabrat sét consuide,
conambeir mac Dé nime
i ngné ngile cen duibe. D.- Buan in breth iarna broga:
is tech truag cen nach tuga:
ni comga in cél, ni coma,
is domna der co n-duba. D.- Sluindfe in crich-se cen chaire
cia theis fri toirse tuile:
aní fogeir mo menma
dombeir fri degra duibe. D.- Mo daig-fher, in dual díriuch,
ni laimed slúag a shargud:
rop é m' ainm i cath Cherna,
ar m-brath Fer Berna in brá-dub.- Crúaid in sét sund ar saine,
mo cholg na thruaill uimi,
is lumman chiar nar chained,
tríar rodáled co dubi.- In oenecht baidmis braine
is nochraidmis cech cuire:
innar cethrur chrúaid chetna
i n-úaig fri det-bla dubi. D.- A Thuír tabair dot aire,
dond úir nofalaig uile,
lessaig mo laid im lige,
dail 'com díne co n-duibe. D.
¶1] Snámh Dá Én cidh día tá? Ní ansa. Nar mac Feic meic Imcadha meic Conaill cernaigh robáei i cóicedh Olnécmacht. Esten ban-fhénidh is sí bá ban-chéle. Ba lendán di-sidhe Buidhe mac Derc a Crúachán Duibthíre. Nothathaighedh iarom Buidhi ocus a chomalta .i. Luán mac Lughair meic Luigheach ir-richt dá én co h-Estin ocus nochantaís céol sirrechtach don tshluagh, conoscuiredh a suán. In tan iarom ba codludh dóibh notheightis ina rechtaib fén andsidhe, ocus nocodladh Buidhe fri h-Estin. Rofhíarfacht Nar día drúidh can asa tigtis na h-eono út co h-Éstin. Roinnis in drái do corb íat bái ir-rechtaibh na n-én .i. Buidhe ocus Luan. Tancadar iaromh arnamarach for Sinaind co m-batar oc snám fuirre. Luidh Estin 'na comdháil. Tic Nár fora culo ocus nosdibraic na h-eona, condaromarb d' áen-urchur. Conidh on tshnamh sin dorónsat na h-eóin fair raiter Snam Dá Én de. Fágaibhther dano betha bec a Luán ocus luidh-sidhe lam fri sruth conérbailt oc Áth Luán, conidh uadh ainmnighther an t-áth. Luidh dano Estin co Magh n-Estin co n-apadh ann, conidh uaidhe raiter Magh n-Eistin. Marb dano Nar do cumaigh a mhná oc Móin Tíre Náir, conidh desin asbert an senchaidh:
- Is de sin atá Áth Lúain
is Snamh Da Én fri h-aen-uair,
is Móin Tire Nair, niamhdha an dal,
is Mag n-Estin re imradh.
¶2] No dano as de ata Snamh Dá Én fair .i. dia n-derna Conán mil-bél mac an Daghdha ocus Ferdoman mac Ronáin, ocus Aedh
- Snám Da Én, na éoin diatá
sloindfet duib can immarga,
senchas sár confeith in slúag
inní datá in Snam sir-buad.- Nár mac Feíc meic Conaill chais,
nírsat briathra fir anbais,
rob í a cheile, cáem in ben,
Estiu in ban-fhennid bith-gel.- Buidi mac Deirg co nníri
a Cruachánaib Dubthiri
ba lennan d' Estin amra
Budi mac Deirg dath-calma.- Budi mac Deirg dian-garta
ocus Lúan a chomalta
ir-richt da én, aebda sin,
tictis co h-Estin imglain.- Andsin dochantais don tshlúag
ceol seng sírechtach sir-búan
co cotlad in slúag uile
risin ceol na síd-chuire.
- Trath nachotlad cáth do chéin
tictis 'na rechtaib fadéin:
dobid Buide, nir deccair,
is Estiu i n-oenlepaid.- Andsin rosiarfaigend Nár
dia druid, ba dichra in comrád,
ca bale assa tecat na h-eóin
co h-Estin alaind ard-móir?- Is andsin atbert in drúi:
ni chélam-ni ort a rí;
is iat na h-eoin dothaet and,
Bude ocus Lúan nach lán-mall.- Andsin tecait forsin n-áth,
immar nathictis co gnáth:
ní-ma-tancatar 'na n-dáil:
luid Estiu issin comdail.- Téit mac meic Conaill Cernaig
ara n-druim, ba mór d' erbaid,
co rodibairg, trén a cur,
corosmarb do en-urchur.- Facthair bethu bec il-Lúan,
cor-ránic in n-ath n-induar,
ocus 'conn áth túas atbath
Lúan mac Lugair meic Lugdach.- Luid Estiu lám frisin sruth
ocus nir garit in ruth:
is úadi sluinter in mag,
bail is marb im-maig Eisten.- Luid Nár co Tír innaír
ar cinniud ara comdáil;
is marb do chumaid a mná
Nár mac Feic, fer ná terna.
- Is desin ata Áth Lúain
is Snám Da Én ri h-oen-úair,
is Móin Tíri Náir, niamda in dál,
is Mag n-Esten Sinna na snám. S.- Ata senchas aile dó,
cia 'dera ní h-imargó,
ocus is fír cechtar de,
cia bether 'ca innise.- Aed mac Rónain cor-rathaib
Find romarb a deg-athair:
desin ba foglaid dond Fheín
Aed rind mac Rónain rogéir.- Aed mac Rónáin meic Aeda
meic Imchada, ba h-aebda,
is meic Laigsig, láthar n-dil,
meic Conaill meic Amairgin:- Cét n-armach n-álaind n-argda
im thrí rígaib rogarga
i torchair leis, mod cose,
co cath Masten mór-gairge.- Trath romemaid in cath
ar Aed am-Mastin immach,
focraid comrac oen-fhir úad,
forin Feín, ba feidm fír-búan.- Aed is Fiachu is Cu Lagen
rosmarb ar galaib dag-fher,
ocus nír thairind a laím
Aed mac Rónáin co rograín.- Da m-bet co bráth forin chnucc
Aed rind, ropo rigda a chucht,
nocon fhuair fer 'na agaid
Áed mac Ronáin rorebaig.
- Is and roerig Find féin
in trath rofhemmid in Féin:
rogab a armu uile
Find mac Cumaill Almaine.- Is and asbert Cailti cáid
a Fhind tairind do throm-gáir!
comrac oen-fhir, aidblib ngleo,
nitricfa céin beor-sa beó.- Is andsin atrubairt Find
fri Cáilte ait bai asa chind,
ni ferr lim-sa th' ascin marb
inna me féin tria chruad-arm.- Asbert Cailti, cruaid a chrí;
na geib-siu acut, a rí,
a chend for Áed co h-ellam,
is missi do dichennad.- Asbert Aedán mac Deirg dein,
asbert Aed cul-dub cen chéill,
rodingebtáis díb Aed rind;
is friu thanic a imchimm.- Ciar maith Aedán, ciar maith Aed,
ciarb inmain let iat ar óen,
im ferr-sa re h-uair ngaile
oc ascin na h-irgaile.- Nach facci na tri curaid?
dar lem is mor romudaig,
ni thanic im Fhein cose
triar aile bud ágmaire.- Na h-apair-siu sein, a rí!
ciarbtar inmain let-su th' úi;
im ferr-sa uair cinnim cath
indá ind ócbad amulchach.
- Narb aichnid duit Nechtain nár?
narb aichnid duit lúas a da lám?
ba comlund cét cirthi cráeb,
arapa raforraig Áed.- Dard laim-siu, a Fhind aidblib níad,
darm gae, darm chlaideb, darm scíath,
noco geib armu fri fecht
láech frisimbia mo thig-lecht.- Berid Cailte ceím neime
ina stuaig thruim tentide,
co tarla dó forsin maig
ocus mac Eónain raglain.- Is and atrubairt Cailte
ina n-dernais ní maítte,
rofaethais féin innossa
ma darónais erndmossa.- Is and atrubairt Aed rind
ni maith cath can choma tind:
gebat síd is erge de
da fagtha dam, a Chailte!- Atrubairt fris Cailte cáid
cuir uait t' armu, tair im dáil,
tairchi arm fhoesum, mad maith latt,
co raccillem in n-airecht.- Andsin nostecat ar óen
Cailte coscrach ocus Aed:
rop ingnad ri fiannaib Find
damthain d' Áed d' fhir in h-Erind.- Is and atrubairt Find Fáil
im fáilid frib cen rograín;
fota atáthi for sessam,
ní maith aicned anfossad.
- Ní shuidiub, ar Cailte cáem,
ocus noco suidfe Áed,
Noco tartar a fherand do Áed,
co fagba tuilled ré táeb.- Dorat a laim il-laím Find,
is nir doraid dó, dar lind;
is fuair a fherand uile
Aed mac Rónáin in ruire.- Selat dó 'sin tshíd rodnalt;
sel dó ic Find i comaitecht;
cor' fher eter dá domon,
corb ainm dó feín Ferdomon.- Masc ingen Maigni míadaig
robúi oc Aed isna Fiannaib;
di ba cland, ba cáem in ben,
Énán ocus Celg caem-gel.- Cach fer nochunged Cheilg cáemi
ba dó féin a domaeni:
an-nirt oen-fhir cen omun
rothuitted la Ferdomún.- Caraid Ossin mac Find
Ceilg ingin Aeda alaind;
ocus nocor lam a lúad,
rop ecal leis Aed arm-ruad.- Conán mac in Dagdai déin,
atrubairt riss Ossin fodéin
Cunnig Ceilg, ársit cara,
na rabais i n-oentama.- And sin érgis is' tig óil
Conán mil-bél, mó cech glóir,
Cor chunnig co tend Ceilg
[gap: extent: monosyllablic word]
for Aed aít imbái in mor-shluag.
- Dober-sa duit, ar Aed rind,
comrac oenfhír innisim,
ocus nocon fhaigbe mnái
a Chonaín meic in Dagdái.- Noscoisc Find ba ferr san tshlúag,
con-nacharlaimed a lúad,
con-narchumnig nechtar de
úair baeth briathra brócoite.- Bliadain i Formáil na Fían
d' Ossín cen dul sair no síar:
issed nasfast, forom [dot ]grind,
serc ingini Aeda rind.- Tecaiscid Ossín co h-án
ar in curaid, ar Chonán,
co tanic a ferg co trén
do Chonan molbthach mil-bél.- Atbert riss Ossín mac Find:
córu duit ferg fri Aed rind,
rofhócair fhort ina thig,
rotérastar mo ingin.- Luid Conán, ba crúaid in fis,
co fuair Aed rind ina liss,
corochunnig fair cert claidib
no ingin co imdemin.- Lotar bale ir-rabi ind Fhían
ocus Find féin i nGarbdfhíad:
leicid-sium dóib, feib ba gnath,
comrac oen-fhir forsinn áth.- Remur is Cáel, na da cranna,
da mac Medbi is Ailella
oen-ben rostuargaib cen tár
's in caur comramach Conán.
- Tancatar as Síd Ban Find
ir-richt da én os cach dind;
snaït in sruth, súairc in dál,
is on tshnám atá in Snám. S.- Ir-rechtaib da chon co Áed
dolluid Remur ocus Cáel,
co rabatar 'ca mescad
is Conan 'ca chruad-tescad.- Nocor chomrac oen-fhir d' Áed
Remur is Conán is Cáel:
atrochratar a cethrur,
rop h-í inn irgal imathlum.- Conan is Aed rind nar-ríad
rohadnaccit i nGargdiad;
ic Áth Chind Gargden cen gád
etarru siar issin Snám. S.
¶1] Eochaid mór mac Luigdech meic Laisre meic Troitha meic Deirgthened cona brathrib, is acco bái int airechas mór i n-Ard Ruide, dia roráid Find:
- Trí tuili
bít i n-dún Ardda Ruidi,
tuile ócán, tuile ech,
tuile mílchon meic Luigdech.- Trí ceóla
bít 'ca ríg, ségda sodain,
ceól crott, ceól timpán, comaig,
dord Fir Thuinne meic Throgain.- Trí gáire
bít ann cen úair do therca,
gáir chetnata da fhaithche,
gáir graifne, ocus gáir erca.- Trí gáire,
gáir a mucc n-dronnmar n-dega,
gáir a shlúaig ós blai bruidne,
gáir muirne ocus gáir meda.- Trí cnúasa
bítis ann úasa shlattaib,
cnúas ic tuitim, foram ngnáth,
cnúas fo bláth is cnúas abbaig.- Trí meic rofhácaib Lugaid
cársat rulaid a febda,
Ruide mac Luigdech lethain,
Eochaid is Fíacho ferda.
- Dobér-sa teist ar Ruidi
cus' tecat na trí tuili,
nech ní rér Ruide im ní ríam,
ocus ní ríarr ní ar duine.- Dobér-sa teist ar Eochaid
ná deochaid traigid madma,
nad epert ríam ní bad gó,
ná baí bad mó bad amra.- Dobér-sa teist ar Fhíacho,
cársat rulaid a fhebda,
ná baí cen airfitiud gnáth,
ná baí tráth cen ól corma.- Tricha ruirech, tricha níad,
tricha tríath, ba foram rí:
ba h-é lín a shlúaig thrétaig
tricha do chétaib fo thrí. Trí.